26 September 2022 The Irish Film & Television Network
     
12 projects receive funding under 2022 Irish language Broadcast Fund
31 May 2022 : Nathan Griffin
Northern Ireland Screen's Irish Language Broadcasting Fund.
Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund (ILBF) has announced its latest funding decisions for 2022.

Funding was awarded across a wide genre of TV and online content with a total of 12 projects receiving funding. The aims of the ILBF are to promote the production and broadcast of quality Irish language content for an audience in Northern Ireland and beyond and to help grow the local Irish language production sector.

Clean Slate Productions Flic Saor for BBC Northern Ireland will follow the Irish Subbuteo team’s journey to the world cup, mainly through two of its members, Oisín Mac Eo and Breandan Mac Ruairí. The company also received development funding for Longbhriseadh, a show that explores Ireland’s coast, which is littered with tales of shipwrecks, from Armada vessels to World War Two warships and merchant carriers.

Dearcán Media’s Tuilte for TG4, will highlight the human impact of flooding as well as look at the causes for flooding and what can be done to prevent it.

Mná Ghabhla – Boladh Mheiriceá, by LIGID Productions for TG4 will delve into the lives of a group of women who left Gola Island in Donegal in the 1960’s to live and work in New York. The one-hour long documentary will explore the reasons that both groups left the area, the loneliness of moving away, fitting in to a new place, what life was like in New York in the 1960’s and how they kept their ties with Donegal by joining the Donegal society.

In Macha Media’s Uan Uladh for TG4, audiences will delve into the life and legacy of a forgotten figure in Irish history, Una Ní Fhaircheallaigh, one of the most influential Irish women of the 20th Century.

Caoimhe Ní Chathail and Proinsias Ó Coinn will return to our screens for a second series of Waddell Media’s Éadaí SOS for BBC Northern Ireland and TG4 where shopping-obsessed fashionistas will again be challenged to alter their habits and embrace more eco-friendly ways of indulging their passion for the latest trends.

The six-part observational documentary series, Ar An Sliabh, produced by Strident Media for BBC & RTÉ, will return to our screens following the lives of mountain communities – from the slopes of Mount Errigal to the heart of the Glens of Antrim.

RTÉ audiences will also have the pleasure of being reacquainted with the stars of Peataí! in Madraí faoi Ghlas, produced by Big Mountain Productions. This series will see the pet experts lending a hand to pet owners across the country who are on the brink of surrendering their impertinent pets!

Also returning to RTÉJr for a second series is Paper Owl Films, Bóín & Beach, a beautiful animation series which celebrates diversity in nature.

Back for a fourth series on BBC NI is Sonas Productions’ Trad ar Fad. This series will embark on a journey to one of the biggest and most exciting folk festivals in the world, the Lorient Interceltique festival.

Imagine Media will examine the life and times of poet and lyricist Thomas Moore and his Irish Melodies body of work in Thomas Moore, Bard na hÉireann - a one hour long musical hybrid documentary for TG4.

Below the Radar’s online platform Meon Eile will also return for its 11th series.

Cinntí maoinithe is déanaí de chuid an chiste craoltóireachta Gaeilge fógartha do 2022

Is mian leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge (CCG), Scáileán Thuaisceart Éireann a chinntí maoinithe is déanaí do 2022 a fhógairt. Bronnadh maoiniú ar 12 tionscadal ar fad ina bhfuil éagsúlacht bhreá seánraí teilifíse agus ábhar ar líne. Is é a chuireann an CCG roimhe, maoiniú a chur ar fáil le hábhar Gaeilge ar ardchaighdeán a léiriú agus a chraoladh do lucht féachana i dTuaisceart Éireann agus níos faide i gcéin agus lena chinntiú go gcuirfear fás faoin earnáil léiriúcháin Ghaeilge i dTuaisceart na hÉireann.

Leanfaidh Flic Saor le Clean Slate Productions do BBC Thuaisceart Éireann aistear fhoireann Subbuteo na hÉireann chuig corn an domhain, go príomha trí bheirt dá mbaill, Oisín Mac Eo agus Breandán Mac Ruairí.

Fuair an comhlacht maoiniú forbartha freisin don chlár Longbhriseadh a bhfuil sé mar aidhm aige cósta na hÉireann a thaiscéaladh, ina bhfuil scéalta faoi longa báite, ó shoithí Armáide go longa cogaidh an Dara Cogadh Domhanda agus iompróirí trádála.

Díreoidh Tuilte le Dearcán Media do TG4 aird ar an tionchar a bhíonn ag tuilte ar an bpobal chomh maith le breathnú ar na cúiseanna atá leis na tuilte agus cad is féidir a dhéanamh le hiad a chosc.

Déanfaidh Mná Ghabhla – Boladh Mheiriceá, le LIGID Productions do TG4, mionscagadh ar shaol grúpa ban a d’fhág Oileán Ghabhla i nDún na nGall sna 1960í chun dul a chónaí agus ag obair i Nua-Eabhrac. Scrúdóidh an clár faisnéise uair an chloig na cúiseanna ar fhág an dá ghrúpa an ceantar, an t-uaigneas a bhain leis an imirce, teacht isteach ar áit nua, an chuma a bhí ar an saol i Nua-Eabhrac sna 1960í agus an dóigh ar choinnigh siad a gcaidreamh le Dún na nGall trí theacht le chéile mar bhaill de chumann Dhún na nGall.

In Uan Uladh le Macha Media do TG4 scrúdóimid saol agus oidhreacht duine a ligeadh i ndearmad i stair na hÉireann, Una Ní Fhaircheallaigh, duine de na mná is mó tionchar in Éirinn sa 20ú haois.

Fillfidh Caoimhe Ní Chathail agus Proinsias Ó Coinn ar ár scáileáin don dara sraith de Éadaí SOS le Waddell Media do BBC TÉ agus TG4 áit a dtabharfar dúshlán arís do lucht faisin nach bhfuil a dhath ar a n-aird ach siopadóireacht, a gcuid nósanna a athrú agus glacadh le bealaí nach ndéanann díobháil don timpeallacht lena bpaisean do na treochtaí is déanaí a shásamh.

Fillfidh an tsraith sé chlár faisnéise bhreathaitheach, Ar An Sliabh, atá léirithe ag Strident Media do BBC & RTÉ ar ár scáileáin ag leanúint shaolta na bpobal sléibhe – ó shleasa an Earagail go croílár Ghlinnte Aontroma.

Beidh sé de phléisiúr ag lucht éisteachta RTÉ freisin aithne a chur arís ar réaltaí Peataí! in Madraí faoi Ghlas, léirithe ag Big Mountain Productions. Sa tsraith seo tabharfaidh na saineolaithe peataí lámh chuidithe d’úinéirí peataí ar fud na tíre atá ar tí fáil réidh lena gcuid peataí míbhéasacha!

Ar ais ar RTÉ fosta don dara sraith, tá Bóín & Beach le Paper Owl Films, sraith álainn bheochana, a dhéanann ceiliúradh ar an éagsúlacht sa dúlra.

Ar ais don cheathrú sraith ar BBC TÉ tá Trad ar Fad le Sonas Productions. Tabharfaidh an tsraith seo cuairt ar cheann de na féilte ceol tíre is mó agus is iontaí in aon áit ar domhan, féile Interceltique Lorient. Déanfaidh Imagine Media imscrúdú ar shaol agus aimsir an fhile agus an liriceora Thomas Moore agus a shaothar Irish Melodies in Thomas Moore, Bard na hÉireann, clár hibrideach faisnéise ceoil a mhairfidh uair an chloig, do TG4.

Beidh Meon Eile, ardán Below the Radar, ar ais freisin dá 11ú sraith.





FEATURES & INTERVIEWS
“I quite like the challenge of writing characters without handles, for an audience to hold on to, you have to really work at keeping pace with them and go on the journey;“ Writer/director Antonia Campbell-Hughes discusses It Is In Us All
“We’ve tried to portray real life, real relationships, and all the complexity that comes with that;” Producer Collie McCarthy discusses his debut Netflix Original, I Used To Be Famous
Free Industry Newsletter
Subscribe to IFTN's industry newsletter - it's free and e-mailed directly to your inbox every week.
Click here to sign up.






 
 the Website  Directory List  Festivals  Who's Who  Locations  Filmography  News  Crew  Actors
 

Contact Us | Advertise | Copyright | Terms & Conditions | Security & Privacy | RSS Feed | Twitter

 

 

 
bodrum escort bayan escort antalya gumbet escort