Company: |
TG4 |
Position: |
STIÚRTHÓIR ÁBHAIR |
Location: |
Galway |
Contact: |
Karina Feirtéar |
Address: |
|
Phone: |
n/a |
Date Posted: |
Monday, May 28th 2018 |
Email: |
cv @ tg4.ie
|
|
«Back To Jobs |
|
|
STIÚRTHÓIR ÁBHAIR
Conradh bliana
Is mian le TG4 deis a thabhairt duitse dul i mbun oibre le foireann chruthaitheach agus dhíograiseach i gceannáras TG4 i mBaile na hAbhann.
Is post bliana atá i gceist a thosóidh i lár mhí Iúil. Déanfaidh an té a cheapfar ábhar a chruthú d’fheachtais a bheidh le craoladh ar an aer agus ar ardáin shóisialta TG4.
Beidh an té a cheapfar ag obair le rannóg margaíochta ábhar ilmheán TG4. Déanfaidh an té a cheapfar ábhar a thabharfaidh léiriú ar chatalóg saibhir agus éagsúil clár TG4 a roghnú, a léiriú agus a fhoilsiú.
Cúraimí
- Ábhar a chruthú a bheidh le seoladh ar an iliomad ardán chomh maith le go haer
- Leas a bhaint as meascán bealaí chun ábhar atá mealltach agus ilroinnte a chruthú (fís, íomhánna, grianghraif, téacs, grafaicí mar shampla
- Oibriú leis an bhfoireann margaíochta
- Ábhar ar ardchaighdeán a chruthú - Eagarthóireacht, dath a cheartú, fuaim a mheascadh sula bhfoilsítear é
Cáilíochtaí / Qualifications
- Inniúil ar Final Cut Pro X. Bheadh eolas ar After Effects & Photoshop ina bhuntáiste.
- A bheith in ann ábhar a chruthú d’ardáin faoi leith & tuiscint mhaith ar ardáin dhigiteacha & an lucht féachana a bhíonn ag gníomhú orthu.
- Gaeilge líofa.
- Cleachtadh ar scéalaíocht le fís agus taithí ar thogra a chur i bhfeidhm de réir treorach.
- Dea-scileanna eagrúcháin & a bheith in ann cúpla rud a dhéanamh ag an am céanna .
- Tuiscint láidir ar threalamh & ar fhormáidí físe.
- Scileanna maithe cainte agus cumarsáide físe, pointeáilte agus an cumas oibriú leis an bhfoireann chruthaitheach, bainisteoirí agus an baill foirne ag gach leibhéal.
- Dea-scileanna bainistíochta ama, teacht aniar agus an cumas oibriú as a stuaim féin agus i gcomhar le daoine eile i dtimpeallacht oibre a bhíonn ag gluaiseacht go pras.
- Taithí i mbun obair chruthaitheach (3-5 bl.)
Seol sampla(í) de do chuid oibre, mar aon le CV agus d’iarratas chuig cv @ tg4.ie.
An dáta deireanach a nglacfar le hiarratais: Dé hAoine 4pm 22/06/18
Is Fostóir Comhdheiseanna é TG4 agus is í an Ghaeilge teanga na hoibre. Tacaíonn TG4 le fostú daoine le míchumas
Apply Now / Email: cv @ tg4.ie
Deadline: Friday, June 22th 2018
|