Company: |
TG4 |
Position: |
Comhordaitheoir Meán Sóisialta |
Location: |
Gaillimhe |
Contact: |
|
Address: |
Ard-Stiúrthóra, TG4, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe, H91 X4T0 |
Phone: |
n/a |
Date Posted: |
Bealtaine 7ú |
Email: |
cv @ tg4.ie
|
|
«Back To Jobs |
|
|
Comhordaitheoir Meán Sóisialta
Cuirfidh TG4 fáilte roimh iarratais don phost Comhordaitheoir Meán Sóisialta.
Beidh an té a cheapfar ar dhuine d’Fhoireann Margaíochta TG4 agus iad freagrach as comhordú agus forbairt a dhéanamh ar ardáin Meán Sóisialta TG4.
Is den tábhacht iad na Meáin Shóisialta do TG4 chun nascadh a dhéanamh leis an bpobal féachana agus le pobal nua a mhealladh chuig ábhar TG4. Cuirfear fáilte roimh iarrthóirí a bhfuil tuiscint acu ar TG4, sainscil agus taithí acu ar na hardáin Shóisialta, agus Gaeilge & Béarla den scoth acu.
An Ról
Beidh an té a cheapfar freagrach as comhordú a dhéanamh ar obair Mheáin Shóisialta TG4 agus freagrach don Bhainisteoir Cumarsáide. I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, beidh:
- Glór TG4 ar na meáin shóisialta a fhorbairt i gcomhar le foireann margaíochta TG4.
- Bainistiú a dhéanamh ar ardáin shóisialta TG4.
- Feachtais mhargaíochta do na meáin shóisialta a léiriú, a fhorbairt agus a sceidealú.
- Cumarsáid, comhrá, agus aiseolas a thabhairt don phobal.
- Tuiscint ar na hathruithe a thagann ar na hardáin shóisialta agus na hathruithe sin a chur i bhfeidhm ar ardáin TG4.
- Treoir a thabhairt maidir le feachtais agus comhoibriú le foirne cruthaitheacha, cumarsáide agus láithreachais an chainéil ar na feachtais.
- Anailís a dhéanamh ar fheachtais agus tuairiscí a ullmhú.
Nithe atá riachtanach don phost seo:.
- Sárthuiscint ar TG4 agus a lucht féachana.
- Taithí ábhartha agus sárthuiscint ar na hardáin shóisialta.
- Cruinneas i scríobh na Gaeilge agus an Bhéarla.
- Cumas cóipscríbhneoireachta atá tarraingteach agus a thagann le glór TG4 ar na hardáin shóisialta.
- Scileanna idirphearsanra agus cumarsáide.
- Dearcadh dearfach, solúbtha agus a bheith in ann obair a dhéanamh faoi bhrú.
- Scileanna eagrúcháin agus pleanála agus in ann treoir a thabhairt.
Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig cv @ tg4.ie nó chuig Oifig an Ard-Stiúrthóra, TG4, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe, H91 X4T0, roimh 4pm Dé Luain an 31 Bealtaine 2021.
Conradh 3 bliana atá i gceist sa phost seo.
Is í an Ghaeilge teanga na hoibre i TG4.
Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
Apply Now / Email: cv @ tg4.ie
Deadline: Bealtaine 31ú
|