Taighdeoirí (beirt) le Aniar – comhlucht léirithe teilifíse
(duine lonnaithe i gCasla i gConamara agus an duine eile sa Daingean i gCorca Dhuibhne)
Cuirfidh an comhlucht teilifíse Aniar fáilte roimh iarratais le tréimhse 9 seachtain a chaitheamh ag obair le foireann léirithe chláracha faisnéise an chomhluchta faoi scéim Taithí Oibre. Beirt a cheapfar agus beidh duine acu lonnaithe in oifigí Aniar sa Daingean i gCorca Dhuibhne agus an duine eile i gCasla I gConamara.
Deis iontach atá anseo do dhaoine ar spéis leo dul i mbun oibre in earnáil na teilifíse le comhlucht atá gníomhach ag léiriú cláracha faoi phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge ar fud na tíre. Gheobhaidh an bheirt a cheapfar taithí ar conas tabhairt faoi thaighde ar chláracha faisnéise, ar ábhar chartlainne, ar charactéirí agus scéalta a roghnú agus a fhorbairt, ar cháipéisí taighde a ullmhú agus oibreoidh siad mar chuid de fhoireann léirithe ar shraith chláracha a bheidh á gcraoladh ar TG4.
Beidh an taithí seo oiriúnach do dhuine ón nGaeltacht a bhfuil Gaeilge líofa aici/aige agus a bhfuil suim/taithí acu in earnáil na teilifíse.
Tá Gaeilge/Gaoluinn líofa riachtanach don bpost seo agus scileanna maithe ríomhaireachta agus cumarsáide ina bhuntáiste.
Íocfar tuarastal leis an tréimhse Taithí Oibre seo.
Seol CV mar aon le litir iarratais chuig an ríomhphost
Roimh 12 meán lae ar an Aoine an 27 Meán Fómhair.
Apply Now / Email: eolas @ aniartv.ie
Deadline: Meán Fómhair 27ú
www.aniartv.ie
|