Cuirfear fáilte roimh iarratais don fholúntas sealadach seo i Rannóg Láithreachais TG4 (Márta 2012 – Bealtaine 2013).
Beidh an té a cheapfar lonnaithe i gCeannáras TG4 agus freagrach don Stiúrthóir Aschur & Ceannacháin.
Duine fuinniúil, cumasach atá ag teastáil chun Aimsir agus míreanna Leanúnachais TG4 a chur i láthair. Ní foláir d’iarrthóirí eolas agus tuiscint ar chlársceideal TG4, cumas taighde agus ardscileanna cumarsáide mar aon le ábaltacht oibriú ar fhoireann.
Beidh ról lárnach ag an té a cheapfar ag cur sceideal TG4 i láthair don phobal féachana, ag ullmhú agus ag láithriú míreanna láithreachais, aimsire agus blaisíní craolta.
Duine a bhfuil Gaeilge den scoth, taithí láithreoireachta, teacht i láthair taitneamhach, urlabhra shoiléir agus ardchumas scríofa agus aistriúcháin atá ag teastáil don phost seo chun scripteanna tarraingteacha a dhréachtú agus a ghuthú.
Mar aon leis an bhfolúntas sealadach a líonadh, bainfear leas as an gcomórtas
seo freisin chun ainmneacha a chur ar an bpainéal do chlúdach leanúnachais TG4.
Seol d’iarratas chuig Send Message">Send Message nó Oifig an Ardstiúrthóra, TG4.
Dáta deireanach: Aoine 10 Feabhra 2012.
Is Fostóir Comhionannas Deise TG4 agus is í an Ghaeilge an teanga oibre.
Apply Now / Email: Send Message
Deadline: 10th February 2012
www.tg4.ie
|