23 April 2024 The Irish Film & Television Network
     

Irish Film and Television Network

 »

Jobs / Classifieds

 » Job Detail


IFTN JOB / CLASSIFIEDS LISTING | TG4
Company:
TG4
Position:
Bainisteoir Sceidil Ilardáin
Location:
Galway
Contact:
Orla
Address:
Phone:
n/a
Date Posted:
June 2nd
Email:
cv @ tg4.ie

«Back To Jobs
 

Bainisteoir Sceidil Ilardáin

Is mian le TG4 Bainisteoir Sceidil Ilardáin a cheapadh a bheidh lonnaithe sa gCeannáras i nGaeltacht na Gaillimhe.  Is ról lárnach í seo in obair TG4.  Ag freagairt don Stiúrthóir Margaíocht, Forbartha & Comhpháirtíochtaí, beidh an Bainisteoir Sceidil Ilardáin freagrach as bainistiú agus forbairt ar sceidil TG4.  Beidh siad freagrach as na gnéithe éagsúla de Sceidil TG4 a stiúradh agus a chomhordnú.  Beidh siad ag comhoibriú go dlúth le rannóga Craolachán, Coimisiún, Margaíochta agus geallsealbhóirí seachtracha eile le Sceideal TG4 a dhearadh agus a fhoilsiú.

Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.

Ról Nua
Beidh an té a cheapfar freagrach as sceidil ábhar ilardáin TG4 a fhorbairt agus a bhainistiú.  I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, beidh:

  • Sceidil Ilardáin tarraingteacha, rathúla a chur i gcrích agus anailís chuí a dhéanamh air phatrúin féachana
  • Bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar sceidealú ábhar cláir, ceannacháin & closamharc eile TG4
  • Bainistiú agus forbairt a dhéanamh ar an fhoireann Sceidil
  • Bainistiú a dhéanamh ar Sholáthar Fotheideal agus ar obair na foirne Sceidil TG4
  • Treoir maidir le forbairtí WhatsOn (bogearra Sceidealaithe TG4) i gcomhthéacs sceideal TG4
  • Polasaí, conarthaí agus seachadadh ábhar Fotheidealaithe a bhainistiú
  • Dualgais Rochtana agus Comhlíonadh TG4 a bhainistiú le Coimisiún na Meáin
  • Bainistiú a dhéanamh ar am chraolta TG4.

Nithe atá riachtanach don phost seo:

  • A bheith tiomanta chun Fís, Misean agus Straitéis TG4 a chuir i bhfeidhm.
  • Fócas dearfach, cumas maith foirne agus taithí chruthaithe ar fhoireann a bhainistiú agus a fhorbairt.
  • Tuiscint ghrinn ar lucht féachana TG4
  • Taithí ar anailís a dhéanamh, tuairiscí agus aiseolas a thabhairt
  • Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin agus ríomhaireachta (ard-tuiscint ar Excel, MS Office agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa).
  • A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach as do stuaim féin, go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil.
  • A bheith ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh agus a chinntiú go mbeidh ábhar, a bheidh ar ardchaighdeán, réidh agus ar fáil in am.
  • Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.

Is 4pm Dé hAoine 23ú Meitheamh an spriocdháta d’iarratais.  Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig an rhíomhpost.


Apply Now / Email: cv @ tg4.ie

Deadline: June 23rd - 4pm





www.tg4.ie




 
 the Website  Directory List  Festivals  Who's Who  Locations  Filmography  News  Crew  Actors
 

Contact Us | Advertise | Copyright | Terms & Conditions | Security & Privacy | RSS Feed | Twitter

 

 

 
canli bahis siteleri rulet siteleri deneme bonusu veren siteler bahis siteleri free spin veren siteler deneme bonusu veren yeni siteler yeni casino siteleri yeni bahis siteleri betwoon grandpashabet
celtabet celtabet giriş
slot siteleri