25 April 2024 The Irish Film & Television Network
     

Irish Film and Television Network

 »

Jobs / Classifieds

 » Job Detail


IFTN JOB / CLASSIFIEDS LISTING | TG4
Company:
TG4
Position:
Eagarthóir CÚLA4
Location:
Contact:
Address:
Phone:
Date Posted:
2023-05-18 10:35:00
Email:
cv @ tg4.ie

«Back To Jobs
 

Conradh Buan

Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ar an bpost, Eagarthóir CÚLA4. 

Is mian le TG4 Eagarthóir a earcú a bheidh lonnaithe sa Cheannáras i mBaile na hAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe. Freagróidh an tEagarthóir do Bhainisteoir CÚLA4, agus beidh an té sin freagrach as ábhar físiúil cruthaitheachta a chruthú, ábhar a bheidh dírithe ar lucht féachana ar leith ar fud ardáin TG4.

Fostóir comhionannais deiseanna é TG4 agus déantar iarratais cháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil. Tá meon dearfach ag TG4 i ndáil le hÉagsúlacht. Fáiltíonn muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu.

An Ról

Sa róI seo beidh an té a cheapfar freagrach as lucht féachana a mhealladh chuig ábhar CÚLA4, branda CÚLA4 a chur chun cinn trí ábhar atá cruthaitheach agus ar ardchaighdeán a chruthú chomh maith leis na nithe seo a leanas:  

Scileanna Eagarthóireachta:

  • Ábhar insoláthartha ar ardchaighdeán a chur ar fáil. 
  • Ábhar gearrfhoirme a chruthú atá ar ardchaighdeán idir bhlaisíní, sheóríleanna, fhíseáin chorparáideacha, ábhar bolscaireachta (mar shampla fógraí) agus ábhar digiteach trasardán do CÚLA4
  • Eagarthóireacht físe agus eolas a bheith agat ar threochtaí físiúla sa mhargaíocht agus sna meáin dhigiteacha 
  • Moltaí/Smaointe cruthaitheachta a thabhairt agus a ghlacadh a chuireann le branda TG4. 

Ag Cruthú Ábhair eile

  • Ábhar seachtrach Cúla4 a uaslódáil chuig córais TG4 
  • Cruinneas ó thaobh Ábhar/Cláir nua a uaslódáil agus a chur fáil ar chóras craolta líneach TG4 de réir na sonraíochta teicniúla TG4.

Is buntáiste a bheidh ann d’iarrthóirí iad na nithe seo a leanas:

  • Taithí a bheith acu ar ghrafaicí a chruthú agus iad a úsáid le bogearraí éagsúla 
  • Compordach ag úsáid ceamaraí agus ag dul amach ag stiúradh scannáin

Nithe atá riachtanach don phost seo:

A bheith tiomanta d’Fhís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm. 

Tuiscint, taithí agus saineolas ar na réimsí eagarthóireachta is déanaí. Eolas ar bhogearraí agus nósmhaireachtaí eagarthóireachta reatha agus nuálacha amhail Adobe Premiere Pro, Adobe After Effects agus Final Cut X.

Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin agus ríomhaireachta (ard-tuiscint ar Excel, MS Office agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa).

Ardscileanna i scríobh na Gaeilge agus an Bhéarla chomh maith le bheith ábalta cóipscríbhneoireacht a dhéanamh.

A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach as do stuaim féin agus go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil. 

Fócas dearfach, cumas maith foirne agus taithí ar ábhar físiúil a chruthú.
A bheith ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh agus a chinntiú go mbeidh ábhar, a bheidh ar ardchaighdeán, réidh agus ar fáil in am.

Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga. 

Tá Polasaí oibre solúbtha i bhfeidhm i TG4.

Is é 4pm Dé hAoine an 9ú Meitheamh 2023 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.  Seol CV mar aon le SeóRíl de do chuid oibre agus litir iarratais ina leagtar amach an fhís a bheadh agat chuig: cv @ tg4.ie


Apply Now / Email: cv @ tg4.ie

Deadline: June 9th










 
 the Website  Directory List  Festivals  Who's Who  Locations  Filmography  News  Crew  Actors
 

Contact Us | Advertise | Copyright | Terms & Conditions | Security & Privacy | RSS Feed | Twitter

 

 

 
canli bahis siteleri rulet siteleri deneme bonusu veren siteler bahis siteleri free spin veren siteler deneme bonusu veren yeni siteler yeni casino siteleri yeni bahis siteleri betwoon grandpashabet
celtabet celtabet giriÅŸ
slot siteleri