29 March 2024 The Irish Film & Television Network
     

Irish Film and Television Network

 »

Jobs / Classifieds

 » Job Detail


IFTN JOB / CLASSIFIEDS LISTING | TG4
Company:
TG4
Position:
Ealaíontóir Grafach
Location:
Contact:
Address:
Phone:
Date Posted:
2023-05-18 10:35:00
Email:
cv @ tg4.ie

«Back To Jobs
 

Conradh Buan

Is mian le TG4 Ealaíontóir Grafach a earcú.  Ag freagairt don Bhainisteoir Cruthaitheach, beidh an tEalaíontóir Grafach freagrach as ábhar cruthaitheach a chruthú atá dírithe ar phobal féachana ar leith, trasardáin.

Fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déantar iarratais incháilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil. Tá meon dearfach ag TG4 i leith na hÉagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu. Tacaíonn TG4 le daoine faoi mhíchumas a fhostú.

Beidh an té a cheapfar freagrach as ábhar físiúil, cruthaitheach agus nuálach a dhearadh do thograí ar leith, chomh maith le hAitheantais agus Brandaí TG4 a fhorbairt trí ábhar cumarsáide atá físiúil agus ar ardchaighdeán a chruthú trasardáin. I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, beidh:

  • Brandaí a dhearadh agus cur le brandaí reatha
  • Dearadh a dhéanamh ar Ardáin (m/sh Aipeanna, Suíomhanna srl)
  • Ábhar cumarsáide físiúil a chruthú, trasardáin
  • Ábhar Clóite a dhearadh
  • Ábhar Físe a chruthú
  • Ábhar a chruthú d’Fheachtais Blaisíní / Margaíochta / Fógraíochta
  • Ábhar a chruthú do na meáin shóisialta
  • Cúram a dhéanamh do chearta a bhaineann le hábhar léirithe    
  • Tograí ar leith a stiúradh ó am go chéile (m/sh Blaisín, Fógra, Mír Físe Gearrfhoirme)

Nithe atá riachtanach don phost seo:

A bheith tiomanta d’Fhís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm.

Tuiscint, taithí agus saineolas ar na réimsí dearaidh is déanaí. Eolas ar bhogearraí agus nósmhaireachtaí dearaidh atá reatha agus nuálach: Adobe After Effects, Adobe Media Encoder, Adobe Photoshop, Adobe Illustrator, Adobe InDesign, Canva, Adobe XD, Adobe Premiere agus Final Cut X.  

A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach as do stuaim féin, go héifeachtach, i dtimpeallacht spreagúil. 

Fócas dearfach, cumas maith foirne agus taithí chruthaithe ar ábhar físiúil a chruthú.

A bheith ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh agus a chinntiú go mbeidh ábhar, a bheidh ar ardchaighdeán, réidh agus ar fáil in am.

Bheadh eolas ar na treochtaí digiteacha is déanaí ina bhuntáiste. Bheadh eolas ar phacáistí 3D & AI ina bhuntáiste ach níl siad riachtanach don ról.

Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga. 

A bheith sásta freastal ar an láthair oibre sa gCeannáras de réir mar a oireann.

Is 4pm Dé Luain an 9 Meitheamh an spriocdháta d’iarratais. Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais agus seóríl/sampla oibre chuig cv @ tg4.ie.


Apply Now / Email: cv @ tg4.ie

Deadline: June 9th










 
 the Website  Directory List  Festivals  Who's Who  Locations  Filmography  News  Crew  Actors
 

Contact Us | Advertise | Copyright | Terms & Conditions | Security & Privacy | RSS Feed | Twitter

 

 

 
canli bahis siteleri rulet siteleri deneme bonusu veren siteler bahis siteleri free spin veren siteler deneme bonusu veren yeni siteler yeni casino siteleri yeni bahis siteleri betwoon grandpashabet