28 March 2024 The Irish Film & Television Network
     

Irish Film and Television Network

 »

Jobs / Classifieds

 » Job Detail


IFTN JOB / CLASSIFIEDS LISTING | TG4
Company:
TG4
Position:
Iriseoirí Ilmheán Nuachta agus Cúrsaí Reatha x 2
Location:
Galway
Contact:
Orla
Address:
Phone:
n/a
Date Posted:
9ú Márta
Email:
cv @ tg4.ie

«Back To Jobs
 

Iriseoirí Ilmheán Nuachta agus Cúrsaí Reatha x 2

Conradh 2 bhliain

Is craoltóir náisiúnta teilifíse Gaeilge é TG4 atá lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. Tá ábhar TG4 ar fáil ar gach ardán teilifíse ar fud na hÉireann, ar fud an domhain ar an idirlíon agus ar ardáin dhigiteacha.  Is craoltóir-foilsitheoir seirbhíse poiblí é TG4 a fhaigheann formhór a ábhair ó earnáil na léiritheoirí neamhspleácha, ábhar a bhfuil duaiseanna agus gradaim go leor buaite aige.  Faoi láthair tá TG4 ag féachaint le beirt Iriseoirí Ilmheán a earcú a bheidh lonnaithe sa Cheannáras i mBaile na hAbhann.

Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach Gaeilge den scoth a bheith ag iarrthóir, idir scríobh agus labhairt na teanga. Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó gur duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.

Ag tuairisciú don Ceannaire Nuachta & Cúrsaí Reatha agus ag obair go laethúil leis an Eagarthóir / Léiritheoir Ábhair Dhigitigh Nuachta agus Cúrsaí Reatha, beidh na hiarrthóirí a éiríonn leo freagrach as scéalta nuachta digiteacha a chur ar fáil agus a léiriú. D’fhéadfadh sealobair agus obair ag an deireadh seachtaine a bheith i gceist leis na poist seo.

Freagrachtaí an Phoist

  • Scéalta nuachta a aimsiú, a scríobh agus a léiriú ar ardchaighdeán d’ardáin dhigiteacha Nuacht agus Cúrsaí Reatha TG4.
  • Scéalta nuachta a scríobh i nGaeilge agus a chur ar fáil don Eagarthóir / Léiritheoir Ábhair Dhigitigh Nuachta agus Cúrsaí Reatha.
  • Moltaí a thabhairt agus a ghlacadh maidir le scéalta agus pleanáil chun cinn.
  • Scéalta a chur i láthair ar cheamara nó mar ghearrthóga fuaime le béim ar an nuacht ghearrfhoirme do TikTok, Instagram Reels agus Youtube Shorts.
  • Cur chuig nuálaíoch maidir le hardáin dhigiteacha agus le hardáin meán sóisialta agus suim san iriseoireacht sa réimse seo.  
  • Cumas cóipscríbhneoireacht a dhéanamh agus scripteanna a scríobh do fhíseáin ar líne
  • A bheith in ann taighde a dhéanamh
  • Eolas ar dhlí na meán in Éirinn agus ar chód nuachta Údarás Craolacháin na hÉireann.
  • A bheith in ann glacadh le treoir agus comhoibriú le hiriseoirí agus foirne eile

Taithí don Phost:

  • Cáilíocht 3ú leibhéal san iriseoireacht, nó a chomhíonann 
  • Taithí iriseoireachta.
  • Eolas agus tuiscint ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge agus na scéalta nuachta a spreagann iad.
  • Suim sa scéalaíocht dhigiteach do chúrsaí nuachta.
  • Tá cruinneas i scríobh agus labhairt na Gaeilge riachtanach don phost.
  • Scileanna scríbhneoireachta agus profála.
  • Is buntáiste é eolas ar fhoilsiú ar líne, ar léiriú físeán agus ar léiriú fuaim digití.
  • Tuiscint ar SEO/Wordpress nó córais foilsiúcháin eile.
  • Suim sa bhforbairt ghairme agus an cumas córas nua a fhoghlaim go tapa.
  • An cumas oibriú as do stuaim féin agus faoi bhrú ama.

Iarrtar ar iarrthóirí CV móide litir clúdaigh do phost an Iriseora Ilmheán agus seóríl agus/nó roinnt samplaí de do chuid oibre a sheoladh chuig an ríomhphost roimh an Aoine 24 Márta ag 4pm.


Apply Now / Email: cv @ tg4.ie

Deadline: 24ú Márta





www.tg4.ie




 
 the Website  Directory List  Festivals  Who's Who  Locations  Filmography  News  Crew  Actors
 

Contact Us | Advertise | Copyright | Terms & Conditions | Security & Privacy | RSS Feed | Twitter

 

 

 
canli bahis siteleri rulet siteleri deneme bonusu veren siteler bahis siteleri free spin veren siteler deneme bonusu veren yeni siteler yeni casino siteleri yeni bahis siteleri betwoon grandpashabet