28 March 2024 The Irish Film & Television Network
     

Irish Film and Television Network

 »

Jobs / Classifieds

 » Job Detail


IFTN JOB / CLASSIFIEDS LISTING | TG4
Company:
TG4
Position:
Eagarthóir Margaíochta Spóirt
Location:
Co na Gaillimhe
Contact:
Orla
Address:
Baile na hAbhann, Co na Gaillimhe, H91 X4T0
Phone:
n/a
Date Posted:
20ú Bealtaine
Email:
cv @ tg4.ie

«Back To Jobs
 

Eagarthóir Margaíochta Spóirt

Conradh 2 Bhliain

Tá TG4, an tseirbhís náisiúnta teilifíse Gaeilge, lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe.  Is mian le TG4 Eagarthóir Margaíochta Spóirt a earcú, ag freagairt don Bhainisteoir Cumarsáide. Tabharfaidh an té a cheapfar stiúir eagarthóireachta i dtaobh ábhar margaíochta d’ardáin spóirt chomh maith le cúram margaíochta agus bainistithe a bheith aige ar thograí spóirt ar leith.

Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.

Beidh na freagrachtaí seo a leanas ort:

An Ról
Sa ról seo beidh an té a cheapfar freagrach as ceannasaíocht a ghlacadh ar mhargaíocht Spórt TG4. I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, beidh:

  • Stiúir Eagarthóireachta agus comhordaithe ar mhargaíocht Spórt TG4
  • Seirbhís lucht féachana dírithe a fhorbairt.
  • Stiúir a thabhairt ar ábhair meán sóisialta chun lucht féachana a mhealladh chuig Spórt TG4.
  • Foilsiú, bainistiú pobail, comhordú agus pleanáil a dhéanamh maidir leis na hardáin meán sóisialta
  • Stiúir a thabhairt ar fheachtais margaíochta spóirt idir bhlaisíní ar aer agus ócáidí ar an láthair.
  • Preasráitis a scríobh faoi Spórt TG4 agus a scaipeadh ar na meáin.
  • Forbairt a dhéanamh ar ábhair bhreise neamhlíneacha i gcomhar le léiritheoirí san earnáil neamhspleách.
  • Stíl, branda a fhorbairt d’ábhar neamhlíneach i gcomhar le rannóg chruthaitheach TG4

Nithe atá riachtanach don phost seo:

  • Taithí ar na meáin shóisialta agus sainspéis iontu, agus eolas ar mar is féidir iad a úsáid go héifeachtúil chun lucht féachana a mhealladh.
  • Eolas agus suim sna forbairtí leanúnacha ar na meáin shóisialta
  • Suim sa spórt, go háirithe CLG agus Rugbaí.
  • Taithí chumarsáide nó taithí ar na meáin a bheith ag an iarrthóir.
  • Éireoidh leat sa ról seo más duine tú atá ábalta oibriú go muiníneach as do stuaim féin agus go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil. Beifear ag súil go mbeidh tú dírithe ar an obair, go mbeidh ardscileanna cumarsáide, súil ghrinn chun na mionsonraí agus cumas maith eagrúcháin agat, go mbeidh tú ábalta oibriú mar chuid d’fhoireann agus go mbeidh taithí chruthaithe agat i ról den chineál céanna.  
  • Suim san fhoghlaim leanúnach.
  • Ní mór eolas maith a bheith agat ar ríomhairí, suim a bheith agat i bhforbairtí margaíochta agus digiteacha taobh amuigh de na meáin shóisialta agus go mbeadh sé de chumas agat dul i dtaithí ar chórais nua go tapa.  Cuirfear oiliúint ar fáil ar chórais TG4.
  • Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach Gaeilge líofa a bheith agat, idir scríobh agus labhairt na teanga, chomh maith le cumas cóipscríbhneoireachta i nGaeilge.
  • Cur chuige dearfach, cumas a bheith ag obair i do bhall foirne agus taithí chruthaithe ar fhoireann a threorú.

Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig cv @ tg4.ie nó chuig Oifig an Ard-Stiúrthóra, TG4, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe, H91 X4T0, roimh 4pm Dé Máirt an 7ú Meitheamh 2022.


Apply Now / Email: cv @ tg4.ie

Deadline: 7ú Meitheamh





www.tg4.ie




 
 the Website  Directory List  Festivals  Who's Who  Locations  Filmography  News  Crew  Actors
 

Contact Us | Advertise | Copyright | Terms & Conditions | Security & Privacy | RSS Feed | Twitter

 

 

 
canli bahis siteleri rulet siteleri deneme bonusu veren siteler bahis siteleri free spin veren siteler deneme bonusu veren yeni siteler yeni casino siteleri yeni bahis siteleri betwoon grandpashabet