Taithí Oibre le TG4
Scéim Taithí Oibre Bliana le TG4 do chéimithe nó do thosaitheoirí
Fómhar 2022– Fómhar 2023.
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó thosaitheoirí nó ó chéimithe ollscoile le tréimhse bliana a chaitheamh ar thaithí oibre le TG4 i mBaile na hAbhann.
Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
Is deis í seo do dhaoine atá ag tosú amach san earnáil Físe agus atá ag iarraidh taithí phraiticiúil a fháil le tacú leis an oiliúint atá faighte acu go dtí seo. Íocfar tuarastal le linn na bliana taithí oibre seo agus beidh deiseanna oiliúna breise ar fáil le linn na bliana.
Daoine a bhfuil Gaeilge den scoth acu agus suim acu sna hardáin shóisialta atá á lorg. Beifear ag súil go mbeidh scileanna taighde agus cumas maith scríofa ag an té a cheapfar chomh maith le tuiscint ar céard is scéal mealltach ann.
I measc na ndualgas, beidh míreanna gearra le haimsiú, le sceidealú agus eagarthóireacht le déanamh orthu le cur ar ardáin shóisialta TG4. Beidh ceannscríbhinn agus fotheidil le cruthú d’ábhar ar líne, mar aon le hábhar a chur in oiriúint do na hardáin shóisialta.
Beidh a té a cheapfar ina phointe teagmhála ag an bpobal agus beidh cúram air comhordú a dhéanamh ar fhreagraí chuig an bpobal ar na hardáin shóisialta.
Gheobhaidh an té a cheapfar taithí chuimsitheach ag obair i réimse an léiriúcháin reatha ina ndéantar comhordú ar obair eagarthóireachta agus ar obair fhoilsitheoireachta ar na hardáin Dhigiteacha.
Tá daoine faoi oiliúint á lorg sna réimsí seo a leanas:
- Comhordaitheoir Meán Sóisialta le @Cúla4
- Comhordaitheoir Meán Sóisialta le BLOC
- Comhordaitheoir Meán Sóisialta le MOLSCÉAL
- Comhordaitheoir Meán Sóisialta le @SportTG4
- Comhordaitheoir Meán Sóisialta le Ceol TG4.
Seol CV, mar aon le d’iarratas a léiríonn do réimsí spéise, chuig cv @ tg4.ie.
An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: Dé hAoine an 17ú Meitheamh 2022.
Is í an Ghaeilge teanga na hoibre i TG4.
Beidh cianobair i gceist mar aon le bheith i láthair i gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann ó am go chéile.
Apply Now / Email: cv @ tg4.ie
Deadline: 17ú Meitheamh
www.tg4.ie
|