Company: |
TG4 |
Position: |
Bainisteoir CÚLA4 – Post Buan |
Location: |
Gaillimhe |
Contact: |
Orla |
Address: |
Baile na hAbhann, Co na Gaillimhe, H91 X4T0 |
Phone: |
n/a |
Date Posted: |
Samhain 25ú |
Email: |
cv @ tg4.ie
|
|
«Back To Jobs |
|
|
Bainisteoir CÚLA4 – Post Buan
Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ar an bpost Bainisteoir ar Chainéal CÚLA4. Is post sinsearach, dúshlánach, é seo ag bainistiú agus ag forbairt Chainéal CÚLA4. Beidh an té a cheapfar lonnaithe i gCeannáras TG4 i nGaeltacht na Gaillimhe agus freagrach don Stiúrthóir Margaíochta, Forbartha agus Comhpháirtíochtaí.
Cúramaí
Beidh an té a cheapfar freagrach as ceannasaíocht a ghlacadh ar fhorbairt Cainéal CÚLA 4, as láithreachas agus margaíocht CÚLA4 a stiúradh agus as ardáin CÚLA4 a chur chun cinn i measc an phobail féachana leathan in Éirinn agus thar lear. I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, beidh:
- Straitéis agus plean oibre Chainéal CÚLA4 a forbairt agus a chur i bhfeidhm.
- Forbairt a dhéanamh ar láithreachas CÚLA4
- Ábhar láithreachais agus neamhlíneach CÚLA4 a léiriú agus a threorú.
- Ardáin CÚLA4 a fhorbairt agus a chur chun cinn
- Forbairt a dhéanamh ar mhargaíocht, feachtais agus imeachtaí CÚLA4
- Comhoibriú le comhlachtaí léirithe chun plean poiblíochta a chur le chéile do shraitheanna nua don Óige.
- Oibriú i bpáirt leis an Eagarthóir Coimisiúnaithe Óige le forbairt a dhéanamh ar sholáthar & Sceideal CÚLA4.
- Treoir & freagracht a ghlacadh as Sceideal & Láithreachas CÚLA4
- Bainistiú a dhéanamh ar fhoireann CÚLA4
- Comhoibriú le pobail féachana agus eagrais Óige le himeachtaí a eagrú.
Nithe atá riachtanach don phost seo:
- Fócas dearfach, cumas maith foirne agus taithí chruthaithe ar fhoireann a bhainistiú.
- Is buntáiste é taithí ag obair le daoine óga agus / nó tuiscint ar an gcuraclam oideachais a bheith ag an té a cheapfar.
- Sár-thuiscint ar chumas na meán sóisialta agus na n-ardán digiteach lucht féachana a aimsiú.
- Tuiscint ar na pobail féachana atá ag CÚLA4
- Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin agus ríomhaireachta (ard-tuiscint ar Excel, MS Office agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa).
- A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach as do stuaim féin, go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil.
- A bheith ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh agus a chinntiú go mbeidh ábhar, a bheidh ar ardchaighdeán, réidh agus ar fáil in am.
- Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.
Beidh an tuarastal de réir cháilíochtaí agus thaithí an té a roghnófar.
Is é 4pm Déardaoin 9 Nollaig 2021 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais ina leagtar amach an bealach a n-oireann do thaithí agus do cháilíochtaí don ról seo chuig cv @ tg4.ie.
Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4.
Fostóir comhionannais deiseanna é TG4 agus déantar iarratais incháilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéas chlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil. Tá TG4 dearfach faoin Éagsúlacht. Fáiltíonn muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu.
Apply Now / Email: cv @ tg4.ie
Deadline: Nollaig 9ú
www.tg4.ie
|