29 March 2024 The Irish Film & Television Network
     

Irish Film and Television Network

 »

Jobs / Classifieds

 » Job Detail


IFTN JOB / CLASSIFIEDS LISTING | Aniar TV
Company:
Aniar TV
Position:
Bainisteoir Léirithe
Location:
Contact:
Niamh
Address:
Phone:
n/a
Date Posted:
3ú Meán Fómhair
Email:
eolas @ aniartv.ie

«Back To Jobs
 

Aniar TV - Bainisteoir Léirithe 

Comhlucht teilifíse atá lonnaithe in iarthar na hÉireann is ea Aniar. Díríonn muid ár gcuid ár n-ard ar scéalta an phobail a insint, agus árdán a thabhairt do chultúr na tíre trí chláracha faisnéise, ceoil agus siamsaíochta don chéad scoth a léiriú. Déanann muid sraitheanna ar nós ‘Sé mo Laoch, Bailte, Bádóirí, Dúiseacht, agus cláracha aonair ar nós Ómós – Michael D @ 80, Fáilte agus go leor cláracha eile. Más duine fuinnúil, dearfach, eagraithe tú le Gaeilge líofa, agus má tá suim agat teacht ag obair le comhlucht ina bhfuil go leor éagsúlacht oibre, tar i dteagmháil linn.

Beidh an té a fhostaítear ag obair ar chláracha faisnéise agus ceoil, agus lonnaithe i gCorca Dhuibhne.  Beidh sé ina bhuntáiste taithí a bheith agat ar earnáil na meán in Éirinn, ach tá sé níos tábhachtaí gur duine díograiseach, dearfach, muiníneach tú atá sásta oibriú mar chuid de fhoireann agus as do stuaim féin. Cuirfear oiliúint ar fáil más gá.

Seol CV agus litir iarratais chuig eolas @ aniartv.ie faoi mheán lae ar an 24ú Meán Fómhair.

Breis eolais anseo: 

Riachtanais:

  • Cumas i gcúrsaí eagrúcháin, bainistíochta, airgeadais.
  • Scileanna maithe ríomhaireachta agus cumarsáide.
  • Tá Gaeilge/Gaoluinn líofa riachtanach don bpost seo.
  • Cumas oibriú lastigh de sprioc ama agus faoi bhrú.

Inmhianaithe:

  • Gaeilge mhaith scríofa
  • Tuiscint ar léirithe teilifíse 
  • Tuiscint ar mheáin shóisialta
  • Go maith ag obair go h-aonarach agus mar chuid de fhoireann
     

Freagrachtaí:

  • Socruithe i dtaobh aoinna, suíomhanna, taisteal, lóistín, lónadóireacht srl. a dhéanamh
  • Criúnna a chur in áirithe agus rátaí a shocrú
  • Sceidil taifeadta a eagrú agus an fhoireann a chur ar an eolas
  • Árachas, measúnú riosca, ceadúnais taifeadta, sábháilteacht foirne, sábháilteacht Covid a chur in áit
  • Ábhar cartlainne a aimsiú agus ceadúnais cartlainne a aontú
  • Ceadúnais ó aíonna a fháil agus a choimeád ar chomhad
  • An Páipéarachas iar-léirithe ar fad a chur in eagar agus riachtanais an chraoltóra a chur ar fáil dóibh
  • Cabhrú leis an Léiritheoir / Stiúrthóir le gach gné den léiriú
  • Riarachán oifige
  • Sceidil agus áiseanna iar-léirithe a shocrú
  • Déileál le haon deacrachtaí a thagann chun cinn leis an léiriú
  • An buiséad a bhainistiú agus tuairiscí caiteachais a chur ar fáil

Táille ag brath ar thaithí agus scileanna.

Muna bhfuil taithí chaoi ag an té a cheapfar cuirfear oiliúint ar fáil.

Is fostóir comhionannais deise í Aniar.


Seol CV mar aon le litir iarratais chuig eolas @ aniartv.ie
Sprioc: 12 meán lae ar an Aoine an 24ú Meán Fómhair.


Apply Now / Email: eolas @ aniartv.ie

Deadline: 24ú Meán Fómhair





www.aniartv.ie




 
 the Website  Directory List  Festivals  Who's Who  Locations  Filmography  News  Crew  Actors
 

Contact Us | Advertise | Copyright | Terms & Conditions | Security & Privacy | RSS Feed | Twitter

 

 

 
canli bahis siteleri rulet siteleri deneme bonusu veren siteler bahis siteleri free spin veren siteler deneme bonusu veren yeni siteler yeni casino siteleri yeni bahis siteleri betwoon grandpashabet