29 March 2024 The Irish Film & Television Network
     

Irish Film and Television Network

 »

Jobs / Classifieds

 » Job Detail


IFTN JOB / CLASSIFIEDS LISTING | TG4
Company:
TG4
Position:
Comhordaitheoir Rannóige Sceidil
Location:
Gaillimhe
Contact:
Address:
Baile na hAbhann, Co na Gaillimhe, H91 X4T0
Phone:
Date Posted:
16 Samhain
Email:
cv @ tg4.ie

«Back To Jobs
 

Comhordaitheoir Rannóige Sceidil

Conradh Buan

De bharr athrú ar struchtúr na foirne is mian le TG4 Comhordaitheoir Rannóige Sceidil a earcú a bheidh lonnaithe sa gCeannáras i nGaeltacht na Gaillimhe. Ag freagairt don Bhainisteoir Sceidil, beidh an Comhordaitheoir Rannóige Sceidil i gceannas ar shruthanna oibre agus ar uainchláir oibre agus saoirí a chomhordú.

Ról Nua
Beidh an té a cheapfar freagrach as ceannasaíocht a ghlacadh ar chomhordú a dhéanamh ar chlár na Rannóige Sceidil. I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, beidh:

  • Sceidil líneacha a chur le chéile & iad a chur i bhfeidhm
  • Comhordú a dhéanamh ar chlár oibre na gComhordaitheorí Sceidil
  • Clúdach saoire/tinnis srl a chomhordú sa rannóg. Ionadaíocht a dhéanamh ar bhaill na rannóige agus ar an mBainisteoir de réir mar a oireann, clúdach saoire, oiliúna srl.
  • Comhordú a dhéanamh ar an obair fotheidealaithe
  • Craoltaí Spóirt/beochraoltaí ar ócáidí beo a shocrú agus a bheith ar an bpointe teagmhála idir comhlachtaí léiriúcháin & láithreachais/ionchur/sceidil
  • Sceidil fógraíochta a chomhordú
  • Urraíocht sa sceideal líneach a chomhordú
  • Pleanáil & forbairt sceidil nua i gcomhar leis an mBainisteoir Sceidil & Foireann na gClár
  • Sceidil teilifíse (tv listings) - sceideal & billings a chomhordú
  • Feidhmiú mar theagmhálaí maidir le sceideal TG4
  • Déileáil le geallsealbhóirí seachtracha ar son rannóg sceidil TG4 – léiritheoirí, eagrais, Post TV srl


Nithe atá riachtanach don phost seo:

A bheith tiomanta Fís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm.

A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach as do stuaim féin, go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil.

Fócas dearfach, cumas maith foirne agus taithí chruthaithe ar fhoireann bheag a chomhordú.

Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin agus ríomhaireachta (ardtuiscint ar What’sOn, Mediator, Excel, MS Office agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa).

A bheith ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh agus a chinntiú go mbeidh ábhar, a bheidh ar ardchaighdeán, réidh agus  ar fáil in am.

Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.

Is 4pm Dé Luain an 30 Samhain an spriocdháta d’iarratais.  Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig riomhphoist ár bhár.

Is fostóir comhionannas deiseanna é TG4. Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4.  Tacaíonn TG4 le daoine faoi mhíchumas a fhostú.


Apply Now / Email: cv @ tg4.ie

Deadline: 30 Samhain





www.tg4.ie




 
 the Website  Directory List  Festivals  Who's Who  Locations  Filmography  News  Crew  Actors
 

Contact Us | Advertise | Copyright | Terms & Conditions | Security & Privacy | RSS Feed | Twitter

 

 

 
canli bahis siteleri rulet siteleri deneme bonusu veren siteler bahis siteleri free spin veren siteler deneme bonusu veren yeni siteler yeni casino siteleri yeni bahis siteleri betwoon grandpashabet