24 April 2024 The Irish Film & Television Network
     

Irish Film and Television Network

 »

Jobs / Classifieds

 » Job Detail


IFTN JOB / CLASSIFIEDS LISTING | TG4
Company:
TG4
Position:
Bainisteoir Cumarsáide
Location:
Galway
Contact:
Orla
Address:
Baile na hAbhann, Co na Gaillimhe, H91 X4T0
Phone:
n/a
Date Posted:
May 7th, 2019
Email:
CV @ tg4.ie

«Back To Jobs
 

Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ar an phost Bainisteoir Cumarsáide.

Is post sinsearach, dúshlánach, é seo ag bainistiú obair phoiblíochta agus chumarsáide TG4.  Beidh an té a cheapfar lonnaithe i gCeannáras TG4 i nGaeltacht na Gaillimhe agus freagrach don Stiúrthóir Margaíochta, Forbartha agus Comhpháirtíochtaí. 

Tá saibhreas clár agus ábhar ar líne á sholáthar ag TG4 don lucht féachana.  Tá an chainéal ar fáil ar an iomaí árdán, ní amháin in Éirinn ach ar fud an domhain agus í mar aidhm ag TG4 an lucht féachana chuig na cláir a mhéadú, a suim a spreagadh agus ceangal a chruthú leo tras-ardán.

CÚRAMAÍ

Beidh an Bainisteoir Cumarsáide freagrach as feachtais chumarsáide TG4 a stiúradh agus as deimhniú go bhfuil scéalta a spreagfaidh suim, agus teachtaireacht shoiléir chomhordaithe á cur ós comhair an phobail.   I measc na gcúramaí, beidh:

  • Plean cumarsáide tras-ardáin a dhréachtú agus a fheidhmiú  a chinnteoidh go bhfuil an pobal féachana ar an eolas faoi sceideal clár agus faoi sheirbhísí éagsúla TG4.
  • Feachtais chumarsáide éifeachtacha, spreagúla, nuálacha a chumadh agus a chur i bhfeidhm.
  • Nuacht Ráitis agus eolas tras-ardáin eile a dhréachtú go cruinn snasta sa dá theanga agus iad a eisiúint.
  • Gaol a chothú leis na meáin chumarsáide, agus an cumas scéalta oiriúnacha a threorú chucu, i nGaeilge agus i mBéarla, a spreagfaidh a suim agus a ghinfidh poiblíocht.
  • Eagrú agus bainistiú ar ócáidí poiblíochta TG4.
  • Bainistiú foirne agus obair foirne a threorú.
  • Buiséad a dhréachtú agus a bhainistiú.
  • Déileáil le haiseolas/moltaí/gearáin ón lucht féachana.
  • Feidhmiú mar urlabhraí TG4 de réir mar is gá.

TAITHÍ

Beidh taithí mhaith ag leibhéal sinsearach i réimsí na meán chumarsáide nó san earnáil phoiblíochta agus mhargaíochta ag an té a cheapfar. 

Léireoidh sí/sé scil agus taithí i ndréachtú agus i mbainistiú poiblíochta agus i bhforbairt feachtais chumarsáide ar na meáin thraidisiúnta, sóisialta agus dhigiteacha, le teachtaireacht a chur in iúl don phobal.

I measc na gcumas riachtanacha:

  • Taithí leathan sna meáin chumarsáide nó san earnáil margaíochta / poiblíochta.
  • Sár-thuiscint ar chumas na meán shóisialta agus na n-ardán digiteacha lucht féachana a aimsiú.
  • Ard-scileanna scríofa agus labhartha Gaeilge agus Béarla
  • Cumas eolas a thiomsú sa dá theanga agus a chur i bhformáidí atá oiriúnach le dáileadh ar bhonn il-árdán
  • Sár-scileanna cóipscríbhneoireachta, nathaíochta agus cumadh ceannlínte.
  • Tuiscint ar na pobail fhéachana éagsúla atá ag TG4 agus cumas eolas a threorú chucu dá réir

Beidh an té a ceapfar ag bainistiú obair phoiblíochta TG4, agus ag comhoibriú le léiritheoirí clár agus le foirne eile (go hinmheánach agus go seachtrach) le hábhar poiblíochta a chruthú nó a chóiriú. 

Post ar chonradh buan lán-aimsire.

Beidh an tuarastal de réir cháilíocht agus thaithí an té a roghnófar.

Seol CV maraon le litir iarratais ina leagtar amach an bealach a n-oireann do thaithí agus do cháilíochtaí don ról seo, chuig

CV @ tg4.ie  roimh   5pm 7 Meitheamh 2019

Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth agat, idir labhairt agus scríobh na teanga.

Is fostóir comhionannas deiseanna é TG4. Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4.  Tacaíonn TG4 le daoine faoi mhíchumas a fhostú.


Apply Now / Email: CV @ tg4.ie

Deadline: June 7th, 2019





www.tg4.ie




 
 the Website  Directory List  Festivals  Who's Who  Locations  Filmography  News  Crew  Actors
 

Contact Us | Advertise | Copyright | Terms & Conditions | Security & Privacy | RSS Feed | Twitter

 

 

 
canli bahis siteleri rulet siteleri deneme bonusu veren siteler bahis siteleri free spin veren siteler deneme bonusu veren yeni siteler yeni casino siteleri yeni bahis siteleri betwoon grandpashabet
celtabet celtabet giriÅŸ
slot siteleri