29 March 2024 The Irish Film & Television Network
     

Irish Film and Television Network

 »

Jobs / Classifieds

 » Job Detail


IFTN JOB / CLASSIFIEDS LISTING | TG4
Company:
TG4
Position:
Ardstiúrthóir
Location:
Co. Galway
Contact:
Robert Mac Giolla Phadraig
Address:
Baile na hAbhann, Co. Galway, Ireland
Phone:
+353 1 4744698
Date Posted:
19th July, 2016
Email:
Send Message

«Back To Jobs
 

Tá Ardstiúrthóir á lorg ag TG4

Is é TG4 an tseirbhís náisiúnta teilifíse Gaeilge atá á soláthar ag corparáid phoiblí  atá bunaithe agus maoinithe ag an Rialtas.  Tá an cainéal teilifíse ar fáil ar gach ardán craolta ar oileán na hÉireann agus ar fud an domhain ar an Idirlíon.  Is é an tAire Cumarsáide a cheapann Bord TG4.  Foilsitheoir/craoltóir is ea é a fhaigheann formhór a chuid ábhair ón earnáil neamhspleách léiriúcháin, ábhar a bhuaigh duaiseanna go leor.   Is i mBaile na hAbhann i nGaeltacht Chonamara atá Ceannáras TG4  agus is í an Ghaeilge an teanga oibre ann.

Freagraíonn an tArdstiúrthóir don Bhord agus í/é i gceannas TG4 ag comhlíonadh a fheidhmeanna.   Beidh an tArdstiúrthóir lonnaithe sa gCeannáras agus í/é freagrach as gach gné den oibríocht;  airgeadas, ábhar,  sceidealú clár, gnóthai tráchtála, teicneolaíocht, gnóthaí corparáideacha  agus acmhainní daonna.   Beidh an tArdstiúrhtóir freagrach as gach gné de pholasaithe agus de straitéis na seirbhíse a mhaoirseacht agus a chur i bhfeidhm.   Post ar chonradh seasta 7 mbliana é seo (athbhreithniú tar éis 3 bliana).

Beidh na nithe seo a leanas ag an té a cheapfar:

  • Taithí chruthaithe ar spriocanna  a bhaint amach ag leibhéal sinsearach, an fhís, an cheannaireacht agus na scileanna bainistíochta is gá  mar aon le cumas nuálach smaointeoireachta a bheith léirithe
  • Ar a laghad 10  mbliana de thaithí ardbhainistíochta in earnálacha na craoltóireachta, léiriúcháin teilifíse, na meán, na cumarsáide nó in earnáil ghaolmhar
  • Lán líofacht Ghaeilge, idir labhartha agus scríofa 
  • Cáilíocht ábharach acadúil

Ba bhuntáiste d’iarrthóir eolas a bheith aici/aige ar ábhar, sceidealú nó teicneolaíocht na  teilifíse. 

Ní foláir d’iarrthóirí an fhoirm iarratais ar-líne a líonadh amach agus CV cuimsitheach a sholáthar leis mar aon le litir ghearr chlúdaigh.  Tá breis eolais faoin bpróiseas iarratais ar fáil ag  www.sigmar.ie/TG4. Is féidir comhrá faoi dhiscréid a dhéanamh le Robert Mac Giolla Phádraig ag +353 1 4744698 nó ar r-phost ag  rmacgp @ sigmar.ie

Is é 5.00pm Dé hAoine 5 Lúnasa 2016 an spriocdháta d’iarratais.

Is fostóir comhionannais deis é TG4 agus is í an Ghaeilge an teanga oibre. 


Apply Now / Email: Send Message

Deadline: 5th August, 2016





www.tg4.ie




 
 the Website  Directory List  Festivals  Who's Who  Locations  Filmography  News  Crew  Actors
 

Contact Us | Advertise | Copyright | Terms & Conditions | Security & Privacy | RSS Feed | Twitter

 

 

 
canli bahis siteleri rulet siteleri deneme bonusu veren siteler bahis siteleri free spin veren siteler deneme bonusu veren yeni siteler yeni casino siteleri yeni bahis siteleri betwoon grandpashabet