20 April 2024 The Irish Film & Television Network
     

Irish Film and Television Network

 »

Jobs / Classifieds

 » Job Detail


IFTN JOB / CLASSIFIEDS LISTING | TG4
Company:
TG4
Position:
EAGARTHÓIR COIMISIÚNAITHE CLÁR
Location:
Galway
Contact:
Address:
Phone:
Date Posted:
3rd December 2014
Email:
cv @ tg4.ie

«Back To Jobs
 

Fáilteoidh TG4 roimh iarratais don phost tábhachtach dúshlánach seo i gcroí-lár na seirbhíse.

Beidh an té a cheapfar lonnaithe si gCeannáras i mBaile na hAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe. 

I measc na bpríomh-dhualgas a bheidh ar an té a cheapfar, beidh:

  • Ard-bhreithiúnas eagarthóireachta a fheidhmiú ar ábhar craolta teilifíse
  • Iarratais iomlána na mBabhtaí Coimisiúnaithe a léamh agus a mheas.
  • Bheith páirteach i roghnú na n-iarratas is fearr a oireann do riachtanais an Chlársceidil
  • Cúram a dhéanamh do na cláracha atá á gcoimisiúnú  idir fhorbairt smaoinimh, struchtúr,  script, fhiúntas  agus bhuiséad
  • Ról gníomhach comhpháirteach a imirt i bhforbairt an chlársceidil agus lucht féachana TG4   trí idirbheartaíocht agus chomhpháirtíocht le rannóga eile TG4 – Sceideal, Margaíocht, Blaisíní &rl
  • Cláracha Gaeilge  den scoth a  sholáthar do phríomh-sceideal TG4  atá ar ard-chaighdeán agus a thugann an luach is fearr ar airgead
  • An córas coimisiúnaithe agus deiseanna oiliúna a úsáid chun an earnáil neamhspleách léiriúcháin Gaeilge a fhorbairt.
  • Comhpháirtíocht a chruthú agus comhléirithe a fhorbairt i bpáirt le heagrais chistíochta agus craoltóirí eile – Údarás Craolacháin na hÉireann, Bord Scannán na hÉireann, An Chomhairle Ealaíon, an Ciste Craoltóireachta Gaeilge  agus Féilte Scannán agus Teilifíse.
  • Seasamh agus íomhá an chraoltóra poiblí a chur chun cinn agus a bheith mar éascaitheoir do léiritheoirí agus do chomhlachtaí neamhspleácha.

I measc na bpríomh-scileanna atá riachtanach don ról seo, tá:

  • Suim i bhforbairt chlár teilifíse agus ábhar don Seinnteoir agus d’ardáin eile
  • Tuiscint ar sceideal TG4 agus ar an gcomhthéacs ina bhfeidhmíonn sé
  • Eolas ar fhreagrachtaí craoltóra poiblí  maidir le Cóid Caighdeán Clár &rl  agus a gcomhlíonadh
  • Taithí agus eolas ar léiriú clár teilifíse Gaeilge i saol il-ardáin dian-iomaíoch
  • Tuiscint ar oibríocht teilifíse,  ar  bhuiséid agus ar  théarmaí trádála
  • Cruthaíocht mar aon le scileanna ríomhaireachta agus riaracháin
  • Ábaltacht mhaith d’obair fhoirne,  cumas réiteach le daoine agus caidreamh maith a chruthú agus a chothú
  • Ard-chumas cumarsáide, idir scríofa agus labhartha.

Seol d’iarratas  mar aon le achoimre 500 focal ag leagan amach do smaointe faoin bpost seo chuig cv @ tg4.ie nó Oifig an Ardstiúrthóra, TG4. Baile na hAbhann Co na Gaillimhe roimh 4pm  Aoine 2 Eanáir 2015.

Is fostóir comhionannas deise TG4 agus is í an Ghaeilge an teanga oibre. 

Tacaíonn TG4 le fostú daoine le míchumas


Apply Now / Email: cv @ tg4.ie

Deadline: 2nd January 2015





http://www.tg4.ie/




 
 the Website  Directory List  Festivals  Who's Who  Locations  Filmography  News  Crew  Actors
 

Contact Us | Advertise | Copyright | Terms & Conditions | Security & Privacy | RSS Feed | Twitter

 

 

 
canli bahis siteleri rulet siteleri deneme bonusu veren siteler bahis siteleri free spin veren siteler deneme bonusu veren yeni siteler yeni casino siteleri yeni bahis siteleri betwoon grandpashabet
celtabet celtabet giriÅŸ
slot siteleri