Company: |
TG4 |
Position: |
Láithreoir / Taighdeoir |
Location: |
|
Contact: |
|
Address: |
|
Phone: |
|
Date Posted: |
11th July 2014 |
Email: |
cv@tg4.ie
|
|
«Back To Jobs |
|
|
Láithreoir / Taighdeoir - TG4
Cuirfear fáilte roimh iarratais do phost mar Láithreoir / Taighdeoir do sceideal na n-óg. Beidh an té a cheapfar lonnaithe i gCeannáras TG4, freagrach don Eagarthóir Óige.
Post é seo do dhuine spleodrach, cumasach chun ollchlár na bpáistí a chur i láthair ar TG4. Ní mór d’iarrthóirí spéis a léiriú i gcláir do pháistí agus a gcumas taighde a chruthú. Tá ard- scileanna cumarsáide riachtanach agus fonn agus ábaltacht oibriú mar chuid lárnach d’ fhoireann bheag dhíograiseach léiriúcháin. Is gá Gaeilge chruinn líofa, idir labhartha agus scríofa.
Beidh an té a cheapfar i mbun láithreoireachta ar Cúla4 agus ar ábhar eile craolta do dhaoine óga. Beidh cúramaí taighde agus ullmhú míreanna mar chuid den obair mar aon le cúramaí poiblíochta / meáin shóisialta do sceideal na n-óg. Duine a bhfuil caidreamh maith aige le páistí/daoine óga a cheapfar.
Seol iarratas mar aon le mír ghairid físe dod chur féin in aithne, chuig cv@tg4.ie nó Oifig an Cheannasaí, TG4.
Dáta deireanach d’iarratais: Dé hAoine, 1 Lúnasa 2014
Is fostóir comhionannas deise TG4 agus is í an Ghaeilge an teanga oibre. Tacaíonn TG4 le fostú daoine le míchumas.
Apply Now / Email: cv@tg4.ie
Deadline: 1 Lúnasa 2014
www.tg4.ie/
|