Company: |
TG4 |
Position: |
Eagarthóir Óige |
Location: |
mBaile na hAbhann |
Contact: |
Orla King |
Address: |
mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe |
Phone: |
091-505050 |
Date Posted: |
22nd April 2014 |
Email: |
cv@tg4.ie
|
|
«Back To Jobs |
|
|
Eagarthóir Óige (Post Bliana - Clúdach)
Fáilteoidh TG4 roimh iarrthóirí ar phost mar Eagarthóir Óige, post bliana, freagrach don Stiúrthóir Aschur.
Beidh an té a cheapfar lonnaithe i gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann, freagrach as bainistiú fhoireann léiriúcháin chlársceideal na nÓg ar TG4. Beidh sé/sí lárnach i roghnú agus i léiriú ábhair do Cúla4 agus Ponc, mar aon le margaíocht agus dáileadh eolais faoin gcuid seo den chlársceideal.
Ní mór d’iarrthóir a chruthú go bhfuil spéis agus taithí aige/aici sa réimse seo clár mar aon le hardbhreithiúnas i roghnú ábhair do na haoisghrúpaí ar leith. Tá ardchumas cumarsáide agus bainistíochta, scoth na Gaeilge scríofa agus labhartha ag teastáil, mar aon le tuiscint ar an réimse lucht féachana ó réamhscoil go déaga.
Seol CV agus litir iarratais ina bhfuil cur síos ar do léargas ar aschur óige TG4 chuig cv@tg4.ie roimh 5pm, Luan 26 Bealtaine.
Is fostóir comhionannas deise TG4 agus is í an Ghaeilge an teanga oibre. Tacaíonn TG4 le fostú daoine le míchumas
Apply Now / Email: cv@tg4.ie
Deadline: 26th May 2014
www.tg4.ie
|