Company: |
TG4 |
Position: |
Bainisteoir Sceidil Ilardáin |
Location: |
Galway |
Contact: |
Orla |
Address: |
|
Phone: |
n/a |
Date Posted: |
June 2nd |
Email: |
cv @ tg4.ie
|
 |
«Back To Jobs |
|
|
Bainisteoir Sceidil Ilardáin
Is mian le TG4 Bainisteoir Sceidil Ilardáin a cheapadh a bheidh lonnaithe sa gCeannáras i nGaeltacht na Gaillimhe. Is ról lárnach í seo in obair TG4. Ag freagairt don Stiúrthóir Margaíocht, Forbartha & Comhpháirtíochtaí, beidh an Bainisteoir Sceidil Ilardáin freagrach as bainistiú agus forbairt ar sceidil TG4. Beidh siad freagrach as na gnéithe éagsúla de Sceidil TG4 a stiúradh agus a chomhordnú. Beidh siad ag comhoibriú go dlúth le rannóga Craolachán, Coimisiún, Margaíochta agus geallsealbhóirí seachtracha eile le Sceideal TG4 a dhearadh agus a fhoilsiú.
Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
Ról Nua
Beidh an té a cheapfar freagrach as sceidil ábhar ilardáin TG4 a fhorbairt agus a bhainistiú. I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, beidh:
- Sceidil Ilardáin tarraingteacha, rathúla a chur i gcrích agus anailís chuí a dhéanamh air phatrúin féachana
- Bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar sceidealú ábhar cláir, ceannacháin & closamharc eile TG4
- Bainistiú agus forbairt a dhéanamh ar an fhoireann Sceidil
- Bainistiú a dhéanamh ar Sholáthar Fotheideal agus ar obair na foirne Sceidil TG4
- Treoir maidir le forbairtí WhatsOn (bogearra Sceidealaithe TG4) i gcomhthéacs sceideal TG4
- Polasaí, conarthaí agus seachadadh ábhar Fotheidealaithe a bhainistiú
- Dualgais Rochtana agus Comhlíonadh TG4 a bhainistiú le Coimisiún na Meáin
- Bainistiú a dhéanamh ar am chraolta TG4.
Nithe atá riachtanach don phost seo:
- A bheith tiomanta chun Fís, Misean agus Straitéis TG4 a chuir i bhfeidhm.
- Fócas dearfach, cumas maith foirne agus taithí chruthaithe ar fhoireann a bhainistiú agus a fhorbairt.
- Tuiscint ghrinn ar lucht féachana TG4
- Taithí ar anailís a dhéanamh, tuairiscí agus aiseolas a thabhairt
- Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin agus ríomhaireachta (ard-tuiscint ar Excel, MS Office agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa).
- A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach as do stuaim féin, go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil.
- A bheith ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh agus a chinntiú go mbeidh ábhar, a bheidh ar ardchaighdeán, réidh agus ar fáil in am.
- Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.
Is 4pm Dé hAoine 23ú Meitheamh an spriocdháta d’iarratais. Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig an rhíomhpost.
Apply Now / Email: cv @ tg4.ie
Deadline: June 23rd - 4pm
www.tg4.ie
|