Company: |
TG4 |
Position: |
Ealaíontóir Grafach |
Location: |
|
Contact: |
|
Address: |
|
Phone: |
|
Date Posted: |
2023-05-18 10:35:00 |
Email: |
cv @ tg4.ie
|
 |
«Back To Jobs |
|
|
Conradh Buan
Is mian le TG4 Ealaíontóir Grafach a earcú. Ag freagairt don Bhainisteoir Cruthaitheach, beidh an tEalaíontóir Grafach freagrach as ábhar cruthaitheach a chruthú atá dírithe ar phobal féachana ar leith, trasardáin.
Fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déantar iarratais incháilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil. Tá meon dearfach ag TG4 i leith na hÉagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu. Tacaíonn TG4 le daoine faoi mhíchumas a fhostú.
Beidh an té a cheapfar freagrach as ábhar físiúil, cruthaitheach agus nuálach a dhearadh do thograí ar leith, chomh maith le hAitheantais agus Brandaí TG4 a fhorbairt trí ábhar cumarsáide atá físiúil agus ar ardchaighdeán a chruthú trasardáin. I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, beidh:
- Brandaí a dhearadh agus cur le brandaí reatha
- Dearadh a dhéanamh ar Ardáin (m/sh Aipeanna, Suíomhanna srl)
- Ábhar cumarsáide físiúil a chruthú, trasardáin
- Ábhar Clóite a dhearadh
- Ábhar Físe a chruthú
- Ábhar a chruthú d’Fheachtais Blaisíní / Margaíochta / Fógraíochta
- Ábhar a chruthú do na meáin shóisialta
- Cúram a dhéanamh do chearta a bhaineann le hábhar léirithe
- Tograí ar leith a stiúradh ó am go chéile (m/sh Blaisín, Fógra, Mír Físe Gearrfhoirme)
Nithe atá riachtanach don phost seo:
A bheith tiomanta d’Fhís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm.
Tuiscint, taithí agus saineolas ar na réimsí dearaidh is déanaí. Eolas ar bhogearraí agus nósmhaireachtaí dearaidh atá reatha agus nuálach: Adobe After Effects, Adobe Media Encoder, Adobe Photoshop, Adobe Illustrator, Adobe InDesign, Canva, Adobe XD, Adobe Premiere agus Final Cut X.
A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach as do stuaim féin, go héifeachtach, i dtimpeallacht spreagúil.
Fócas dearfach, cumas maith foirne agus taithí chruthaithe ar ábhar físiúil a chruthú.
A bheith ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh agus a chinntiú go mbeidh ábhar, a bheidh ar ardchaighdeán, réidh agus ar fáil in am.
Bheadh eolas ar na treochtaí digiteacha is déanaí ina bhuntáiste. Bheadh eolas ar phacáistí 3D & AI ina bhuntáiste ach níl siad riachtanach don ról.
Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.
A bheith sásta freastal ar an láthair oibre sa gCeannáras de réir mar a oireann.
Is 4pm Dé Luain an 9 Meitheamh an spriocdháta d’iarratais. Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais agus seóríl/sampla oibre chuig cv @ tg4.ie.
Apply Now / Email: cv @ tg4.ie
Deadline: June 9th
|