Eagarthóir Blaisíní
Conradh Buan
Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ar an bpost, Eagarthóir Blaisíní TG4.
Is mian le TG4 Eagarthóir Blaisíní a earcú a bheidh lonnaithe sa Cheannáras i mBaile na hAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe. Freagróidh an tEagarthóir Blaisíní do Bhainisteoir Moil Cruthaithe, agus beidh an té sin freagrach as ábhar físiúil cruthaitheach a chruthú, ábhar atá dírithe ar lucht féachana ar leith ar fud ardáin TG4.
Fostóir comhionannais deiseanna é TG4 agus déantar iarratais cháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil. Tá meon dearfach ag TG4 i ndáil le hÉagsúlacht. Fáiltíonn muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu.
An Ról
Sa róI seo beidh an té a cheapfar freagrach as lucht féachana a mhealladh chuig ábhar ar fud ardáin TG4, branda TG4 a chur chun cinn trí ábhar atá cruthaitheach agus ar ardchaighdeán a chruthú chomh maith leis na nithe seo a leanas:
- Ábhar gearrfhoirme a chruthú atá ar ardchaighdeán idir bhlaisíní, sheóríleanna, fhíseáin chorparáideacha agus ábhar digiteach trasardán do TG4.
- Ábhar insoláthartha ar ardchaighdeán a sheachadadh.
- Eagarthóireacht físe agus eolas a bheith agat ar threochtaí físiúla sa mhargaíocht agus sna meáin dhigiteacha
- Moltaí/Smaointe cruthaitheacha a thabhairt agus a ghlacadh a chuireann le branda TG4.
- Tograí a bhainistiú, a eagrú agus a chartlannú
- Ábhar a sheachadadh a bheidh feiliúnach le craoladh ar an aer, go réamhlíneach, mar ábhar digiteach agus fógraíochta go hinmheánach agus le comhlachtaí seachtracha
Nithe atá riachtanach don phost seo:
A bheith tiomanta d’Fhís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm.
Tuiscint, taithí agus saineolas ar na réimsí eagarthóireachta is déanaí. Eolas ar bhogearraí agus nósmhaireachtaí eagarthóireachta reatha agus nuálach: Adobe Premiere Pro, Adobe After Effects agus Final Cut X.
Taithí ar ábhar a stiúradh.
Ardscileanna i scríobh na Gaeilge agus an Bhéarla chomh maith le bheith ábalta cóipscríbhneoireacht a dhéanamh
A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach as do stuaim féin agus go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil.
Fócas dearfach, cumas maith foirne agus taithí ar ábhar físiúil a chruthú.
A bheith ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh agus a chinntiú go mbeidh ábhar, a bheidh ar ardchaighdeán, réidh agus ar fáil in am.
Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.
Tá Polasaí oibre solúbtha i bhfeidhm i TG4
Is 4pm Dé Luain an 20ú Márta 2023 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Seol CV mar aon le litir iarratais ina leagtar amach an fhís a bheadh agat chuig an ríomhphost.
Apply Now / Email: cv @ tg4.ie
Deadline: March 20th
www.tg4.ie
|