19 April 2024 The Irish Film & Television Network
     
IFTN JOB / CLASSIFIEDS LISTING | TG4
Company:
TG4
Position:
Eagarthóir / Léiritheoir Ábhair Dhigitigh Nuachta agus Cúrsaí Reatha
Location:
Co. na Gaillimhe
Contact:
Address:
Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
Phone:
n/a
Date Posted:
3ú Feabhra
Email:
cv @ tg4.ie

«Back To Jobs
 

Eagarthóir / Léiritheoir Ábhair Dhigitigh Nuachta agus Cúrsaí Reatha   

Conradh 2 bhliain

Is craoltóir náisiúnta teilifíse Gaeilge é TG4 atá lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. Tá ábhar TG4 ar fáil ar gach ardán teilifíse ar fud na hÉireann, ar fud an domhain ar an idirlíon agus ar ardáin dhigiteacha.  Is craoltóir-foilsitheoir seirbhíse poiblí é TG4 a fhaigheann formhór a ábhair ó earnáil na léiritheoirí neamhspleácha, ábhar a bhfuil duaiseanna agus gradaim go leor buaite aige.  Faoi láthair tá TG4 ag earcú Eagarthóir / Léiritheoir Nuachta agus Cúrsaí Reatha - Ábhair Dhigitigh a bheidh lonnaithe sa Cheannáras i mBaile na hAbhann.

Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach Gaeilge den scoth a bheith ag iarrthóir, idir scríobh agus labhairt na teanga. Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó gur duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.

Ag tuairisciú don Cheannaire Nuachta & Cúrsaí Reatha, beidh an té a cheapfar freagrach as seirbhís laethúil dhigiteach Nuacht agus Cúrsaí Reatha TG4 a chur ar fáil agus a chur in eagar.  

Freagrachtaí an Phoist:

  • Scéalta nuachta a aimsiú agus a bhriseadh agus iad a chur in oiriúint d’ardáin dhigiteacha lena n-áirítear suíomh nuachta nua agus ardáin dhigiteacha eile.
  • Treoir eagarthóireachta laethúil a thabhairt d’fhoireann iriseoirí.
  • Saineolas ar dhlí na meán in Éirinn agus ar chód nuachta Údarás Craolacháin na hÉireann.
  • Scéalta nuachta a scríobh i nGaeilge chruinn.
  • Scéalta iriseoirí a phrofáil agus a cheartú.
  • Cur chuige nuálaíoch a chur i bhfeidhm i dtaobh scéalta físe nuachta a léiriú agus a chur in oiriúint d’ardáin dhigiteacha éagsúla, le béim ar ábhar nuachta gearrfhoirme do TikTok, Instagram Reels agus Youtube Shorts.
  • Scripteanna a scríobh do mhíreanna físe agus eagarthóireacht a dhéanamh ar scripteanna.
  • Athchóiriú a dhéanamh ar scéalta nuachta agus cúrsaí reatha eile lena gcur in oiriúint do na meáin dhigiteacha.
  • Pleanáil chun cinn a dhéanamh.
  • Forbairt foirne agus iriseoirí a dhéanamh i gcomhar leis an gCeannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha
  • Obair a dhéanamh leis an gCeannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha chun an straitéis Digiteach nuachta a chur chun cinn.

Cáilíochtaí don Ról:

  • Sár-thuiscint ar nuacht dhigiteach.
  • Tá cruinneas i scríobh agus labhairt na Gaeilge riachtanach don phost.
  • Taithí eagarthóireachta / iriseoireachta ábhartha idir scríofa, digiteach nó craolta.
  • Tuiscint ar fheidhm nuachta TG4 agus ar straitéis lucht féachana TG4.
  • Taithí ar bhainistiú nó comhordú foirne
  • Saineolas ar na meáin shóisialta, agus tuiscint ar fhorbairt lucht féachana ar líne
  • Tuiscint nó taithí ar phatrúin úsáide idirlín (UX), SEO, Google Analytics.
  • Eolas ar fhoilsiú ar líne mar shampla Wordpress agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa.
  • Dearcadh dearfach, solúbtha, eagraithe agus an cumas obair a dhéanamh faoi bhrú.
  • Ábalta feidhmiú go muiníneach as a stuaim féin agus go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil.

Iarrtar ar iarrthóirí CV móide litir clúdaigh ina mbeidh smaointe ar nuacht digiteach do phost an Eagarthóra / Léiritheora Ábhair Dhigitigh Nuachta agus Cúrsaí Reatha a chur chuig an ríomhphost roimh an Aoine 3 Márta ag 4pm.


Apply Now / Email: cv @ tg4.ie

Deadline: 3ú Márta





www.tg4.ie


Latest Film & TV Industry Jobs / Classifieds


 
 the Website  Directory List  Festivals  Who's Who  Locations  Filmography  News  Crew  Actors
 

Contact Us | Advertise | Copyright | Terms & Conditions | Security & Privacy | RSS Feed | Twitter

 

 

 
canli bahis siteleri rulet siteleri deneme bonusu veren siteler bahis siteleri free spin veren siteler deneme bonusu veren yeni siteler yeni casino siteleri yeni bahis siteleri betwoon grandpashabet
celtabet celtabet giriÅŸ
slot siteleri