25 April 2024 The Irish Film & Television Network
     
IFTN JOB / CLASSIFIEDS LISTING | TG4
Company:
TG4
Position:
Maor Craolacháin
Location:
Co na Gaillimhe
Contact:
Orla
Address:
Baile na hAbhann, Co na Gaillimhe, H91 X4T0
Phone:
n/a
Date Posted:
20ú Bealtaine
Email:
cv @ tg4.ie

«Back To Jobs
 

Maor Craolacháin

Conradh Buan & Painéal

Tá TG4, an tseirbhís náisiúnta teilifíse Gaeilge, lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe.    Tá sé i gceist ag TG4 post Maor Craolacháin, a bheidh lonnaithe sa Cheannáras i nGaeltacht na Gaillimhe, a earcú ar chonradh buan agus ar phainéal.  Beidh an duine a roghnófar freagrach don Bhainisteoir Oibríochtaí.

Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.

Beidh na freagrachtaí seo a leanas ort:

  • A bheith oilte ar na bogearraí agus ar an trealamh atá in úsáid agus iad a oibriú go gairmiúil agus a bheith ar an eolas faoina bhfuil le déanamh i gcás éigeandála.
  • Sceideal TG4 a chur go haer
  • Monatóireacht a dhéanamh ar Aschur TG4 ar fud na n-ardán
  • Maoirseacht a dhéanamh ar Thograí Aschuir (m/sh Ardáin Virgin / Cartlann)
  • A dheimhniú go bhfuil an t-ábhar á chraoladh ar ardchaighdeán
  • Ábhar d’Aschur TG4 a ullmhú agus a sheiceáil (Spotseiceáil / Mionbhlaisíní a roghnú)
  • Maoirseacht a dhéanamh ar Aschur TG4 – (i gcás go n-imíonn muid den aer)
  • A dheimhniú go bhfuil Aschur TG4, mar atá geallta againn, ar fáil don Lucht Féachana
  • Tuairisciú a dhéanamh ar fhadhbanna faoi réir na dtreoracha reatha
  • Na tuairiscí laethúla a líonadh gach lá faoi réir na dtreoracha reatha
  • Smacht a choinneáil ar chláracha agus pacáistí a thagann isteach go TG4 agus a imíonn amach as TG4 trí KU / LiveU agus sruthaithe Beo thar IP a úsáid.

Riachtanais an phoist seo:

  • Ní mór céim sa chumarsáid nó taithí theicniúil bliana ar a laghad a bheith ag an iarrthóir.
  • Éireoidh leat sa ról seo más duine tú atá ábalta oibriú go muiníneach as do stuaim féin agus go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil. Beifear ag súil go mbeidh tú dírithe ar an obair, go mbeidh ardscileanna cumarsáide, súil ghrinn chun na mionsonraí agus cumas maith eagrúcháin agat, go mbeidh tú ábalta oibriú mar chuid d’fhoireann agus go mbeidh taithí chruthaithe agat i ról den chineál céanna.  
  • Beidh eolas maith agat ar ríomhairí, ar na hardáin meán sóisialta agus beidh sé de chumas agat córais nua a fhoghlaim go tapa.  Cuirfear oiliúint ar fáil ar chórais TG4.
  • Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach Gaeilge líofa a bheith agat, idir scríobh agus labhairt na teanga.

Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig cv @ tg4.ie nó chuig Oifig an Ard-Stiúrthóra, TG4, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe, H91 X4T0, roimh 4pm Dé Máirt an 7ú Meitheamh 2022.


Apply Now / Email: cv @ tg4.ie

Deadline: 7ú Meitheamh





www.tg4.ie


Latest Film & TV Industry Jobs / Classifieds
Various Department Positions
Ros na Rún   Deadline: 6th May, 2024
Irish Internship
Tyrone Productions   Deadline: 8th May, 2024
Marketing & Publicity Manager
The Irish Film Institute   Deadline: 12th May, 2024


 
 the Website  Directory List  Festivals  Who's Who  Locations  Filmography  News  Crew  Actors
 

Contact Us | Advertise | Copyright | Terms & Conditions | Security & Privacy | RSS Feed | Twitter

 

 

 
canli bahis siteleri rulet siteleri deneme bonusu veren siteler bahis siteleri free spin veren siteler deneme bonusu veren yeni siteler yeni casino siteleri yeni bahis siteleri betwoon grandpashabet
celtabet celtabet giriÅŸ
slot siteleri