19 April 2024 The Irish Film & Television Network
     
IFTN JOB / CLASSIFIEDS LISTING | TG4
Company:
TG4
Position:
Taithí Oibre Le TG4
Location:
Contact:
Trevor
Address:
Baile na hAbhann, Co na Gaillimhe, H91 X4T0
Phone:
Date Posted:
Email:
cv @ tg4.ie

«Back To Jobs
 

Scéim Taithí Oibre Bliana le TG4 do chéimithe nó do thosaitheoirí (Fómhar 2020 – Fómhar 2021).

Cuirfear fáilte roimh iarratais ó thosaitheoirí nó ó chéimithe ollscoile le tréimhse bliana a chaitheamh ar thaithí oibre le TG4 i mBaile na hAbhann.

Is deis í seo do dhaoine atá ag tosú amach san earnáil Físe agus atá ag iarraidh taithí phraiticiúil a fháil le tacú leis an oiliúint atá faighte acu go dtí seo.   Íocfar tuarastal le linn na bliana taithí oibre seo agus beidh deiseanna oiliúna breise ar fáil le linn na bliana.

Daoine a bhfuil Gaeilge den scoth acu agus suim sna hardáin shóisialta atá á lorg.  Beifear ag súil go mbeidh scileanna taighde agus cumas maith scríofa ag an té a cheapfar chomh maith le tuiscint ar céard is scéal mealltach ann.

I measc na ndualgas, beidh míreanna gearra d’ardáin shóisialta TG4 le haimsiú, le sceidealú agus eagarthóireacht le déanamh orthu.  Beidh ceannscríbhinn agus fotheidil le cruthú d’ábhar ar líne, mar aon le hábhar a chur in oiriúint do na hardáin shóisialta. 

Beidh cúram ar an té a ceapfar a bheith mar phointe teagmhála leis an bpobal agus comhordú a dhéanamh ar fhreagraí chuig an phobal ar na h-ardáin sóisialta.

Gheobhaidh an té a cheapfar taithí chuimsitheach ag obair i réimse an léiriúcháin reatha ina ndéantar comhordú ar obair eagarthóireachta agus ar obair fhoilsitheoireachta ar na hardáin Dhigiteacha.   

Tá oiliúnaithe á lorg sna réimsí seo a leanas:

  • Comhordaitheoir do na meáin shóisialta le @Cúla4
  • Comhordaitheoir do na meáin shóisialta le BLOC
  • Comhordaitheoir do na meáin shóisialta le MOLSCÉAL
  • Comhordaitheoir do na meáin shóisialta le @SportTG4
  • Comhordaitheoir do na meáin shóisialta le @TG4TV & Ceol TG4.

Seol CV, mar aon le d’iarratas a léiríonn do réimsí spéise, chuig an ríomhphost.

An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais:   Dé hAoine 14 Lúnasa 2020.

Is fostóir comhionannas deiseanna é TG4 agus is í an Ghaeilge an teanga oibre.

Beidh cianobair i gceist, mar aon le láithreacht ag Ceannáras TG4 i mBaile na hAbhann ó am go chéile.


Apply Now / Email: cv @ tg4.ie

Deadline: 14 Lúnasa 2020





www.tg4.ie


Latest Film & TV Industry Jobs / Classifieds


 
 the Website  Directory List  Festivals  Who's Who  Locations  Filmography  News  Crew  Actors
 

Contact Us | Advertise | Copyright | Terms & Conditions | Security & Privacy | RSS Feed | Twitter

 

 

 
canli bahis siteleri rulet siteleri deneme bonusu veren siteler bahis siteleri free spin veren siteler deneme bonusu veren yeni siteler yeni casino siteleri yeni bahis siteleri betwoon grandpashabet
celtabet celtabet giriÅŸ
slot siteleri