Conradh 2 Bhliain
Is mian le TG4 Eagarthóir / Léiritheoir a earcú a bheidh lonnaithe sa Cheannáras i mBaile na nAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe. Ag freagairt don Bhainisteoir Cumarsáide, tabharfaidh an té a cheapfar stiúir eagarthóireachta i dtaobh ábhar a chruthú d’ardáin ar leith chomh maith le cúram léiritheora/bainistithe a bheith aige ar thograí ar leith.
An Ról
Sa róI seo beidh an té a cheapfar freagrach as ceannasaíocht a ghlacadh ar thograí ar leith. I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, beidh:
- Stiúir Eagarthóireachta a thabhairt maidir le hábhar a bheidh le cruthú
- Ábhar a bheidh á chruthú a léiriú agus a eagrú
- Ábhar a chruthú agus a fhoilsiú
- Ábhar do shraitheanna ‘gearrfhoirme’ a fhorbairt
- ‘Mojos’ / Cruthaitheoirí Ábhair a aimsiú, a chomhordú agus oiliúint a chur orthu
- Pobal cruthaitheoirí ábhair (content creators) a fhorbairt agus a chothú
- Ceannaireacht ar Thograí faoi leith (m/sh ardán, feachtais nó léiriúcháin)
- Stíl agus struchtúir a fhorbairt d’ábhar neamhlíneach
- Foirne Léiriúcháin a chomhordú
Nithe atá riachtanach don phost seo:
Ábalta feidhmiú go muiníneach as a stuaim féin agus go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil.
Ard-scileanna i scríobh na Gaeilge agus an Bhéarla chomh maith le cumas cóipscríbhneoireachta
Sár-thuiscint ar na hardáin dhigiteacha, na meáin shóisialta agus lucht féachana na n-ardán éagsúil
Cur chuige dearfach, cumas maith foirne agus taithí chruthaithe ar fhoireann a threorú
Beidh taithí mhaith ag an té a cheapfar ar ríomhaireacht (ard-tuiscint ar Excel, MS Office agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa).
Tuiscint ar an lucht féachana
4pm Dé hAoine an 31 Eanáir an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig an ríomhphóst os cionn an leathanach.
Is fostóir comhionannas deiseanna é TG4. Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4. Tacaíonn TG4 le daoine faoi mhíchumas a fhostú.
Apply Now / Email: cv @ tg4.ie
Deadline: 31ú Eanáir
www.tg4.ie
|