Scéalaí Sinsearach
Tá Ros na Rún ag lorg iarratais do Scéalaí Sinsearach. Beidh an té a cheapfar ag obair le foireann chruthaitheach Ros na Rún, idir chriú agus cliar chun Sobaldráma de ard chaighdeán a sholáthar don lucht féachana.
Cúraimí/Taithí
- Ceannasaíocht a dhéanamh ar an bhfoireann scéil agus scripte i Ros na Rún
-Eagarthóir Scripte Sinsearach
-Ag obair le Léiritheoirí chun a chinntiú go bhfuil an fís cruthaitheach dá chomhlíonadh sna scéalta
- Ag plé cúrsaí scripte leis an craoltóir agus ag cinntiú go bhfuil freastal dhá dhéanamh ar an lucht féachana cuí
Cáilíochtaí
- Gaeilge líofa, idir labhartha agus scríofa.
- Taithí (5 bliana ar a laghad) ar eagarthóireacht scripte / scríbhneoireacht
- Tuiscint láidir ar cúrsaí scéil agus struchtúr
- Scileanna Cumarsáide láidre.
- Dea-scileanna bainistíochta ama, agus a bheith in ann oibriú faoi bhrú agus as do stuaim féin
- Taithí a bheith ag obair le foireann cruthaitheach
- Eolas fairsing ar lucht féachana Ros na Rún agus ar na scéalta / na caraichtéar
Beidh an post seo lonnaithe sa Spidéal, Co. na Gaillimhe.
Féadfar an tuarastal a phlé, ag braith ar thaithí.
Má tá suim agat sa phost thuas, déan iarratas i scríbhinn agus seol é go leictreonach le do CV chuig:
siobhang @ rosnarun.com
Spriocdháta Iarratais: 20ú Meán Fómhar 2019
Is fostóir comhionnanais í Ros na Rún
Apply Now / Email: siobhang @ rosnarun.com
Deadline: September 20th
|